Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Do Mhúinteoirí ›› Eolas Fúinn – Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata

Cé muid?

Buíon múinteoirí matamaitice muid a bhfuil taithí na mblianta againn ar mhúineadh na matamaitice. Earcaíodh muid chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt phroifisiúnta na múinteoirí matamaitice iarbhunscoile ar fud na tíre, mar chuid den Tionscadal Mata.

Sa bhliain 2008 a bunaíodh muid i dtosach, chun tacaíocht a thabhairt don 24 scoil a bhí ag plé le forbairt agus le píolótú an churaclaim.  Comhordaitheoir Náisiúnta agus 6 Oifigeach Forbartha Réigiúnacha a bhí ann ar dtús. Cuireadh leis an bhfoireann ó shin chun tacaíocht a sholáthar de réir mar a bhí an clár forbartha proifisiúnta á leathnú ar fud na tíre. Foireann 9 atá ann anois – Comhordaitheoir Náisiúnta, Comhordaitheoir Náisiúnta Cúnta agus 8 OFR.

 

Cad a dhéanaimid?

Cuirimid raon tacaí forbartha proifisiúnta ar fáil do thart ar 6,000 múinteoir matamaitice Iarbhunscoile. Ina measc, cuidiú do cheardlanna, acmhainní a fhorbairt a thacaíonn le múinteoirí agus le daltaí araon, cúrsaí modúlacha ICT a sholáthar mar aon le hábhar agus tacaíocht idirlín a chruthú agus a chothabháil.

Éilíonn an Tionscadal Mata ardleibhéal comhoibrithe. Tarlaíonn sé, ar an dea-uair, go bhfuil Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata (PMDT) i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí ar nós CNCM, an National Centre for Excellence in Mathematics and Science Teaching and Learning Centre, Ollscoil Luimnigh, Cumann Oidí Matamaitice na hÉireann (Irish Maths Teachers Association) agus an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (National Centre for Technology in Education) agus eagraíochtaí eile.

Baill na Foirne

An Comhordaitheoir Náisiúnta:

Dr. Anne Brosnan

Ríomhphost: annebrosnan@projectmaths.ie

Riarthóir

Grainne Haughney 

Ríomhphost: grainneh@ecdrumcondra.ie

Oifigigh Forbartha Réigiúnacha 2015

Tony Knox
Ríomhphost: tonyknox@projectmaths.ie

Stephen Gammell
Ríomhphost: stephengammell@projectmaths.ie

Kieran Sweeney
Ríomhphost: kieransweeney@projectmaths.ie

Aidan Roche
Ríomhphost: aidanroche@projectmaths.ie

Cothabháil an tsuímh ghréasáin

Má bhíonn aon fhadhb agat maidir le www.projectmaths.ie seol ríomhphost cuig webmaster@projectmaths.ie

Cén áit a bhfuilimid?

Déantar riar lárnach maidir le Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata (PMDT) as Ionad Oideachais Dhroim Conrach. Is féidir dul i dteagmháil le Ms. Grainne Haughney, Riarthóir Seirbhíse, ag 01 857 6400, nó sa ríomhphost: grainneh@ecdrumcondra.ie

 

  • New to projectmaths.ie