Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
›› Do Scoláirí

Fáilte romhat chuig réimse na scoláirí de shuíomh gréasáin an Tionscadal Mata. Gheobhaidh tú anseo raon farising acmhainní chun cabhrú leat i do mhatamaitic.

Isnumberstream3 féidir leat réimse na scoláirí a nascleanúint trí úsáid a bhaint as an roghchlár ar thaobh clé an leathanaigh.

Má tá tú ag déanamh staidéir ar mhatamaitic an Teastais Shóisearaigh, gheobhaidh tú comhaid idirghníomhacha, bileoga oibre agus quizanna faoi Acmhainní an Teastais Shóisearaigh. Cabhróidh siad seo leat do mhatamaitic a thuiscint. Má tá tú ag déanamh staidéir ar mhatamaitic na hArdteistiméireachta, gheobhaidh tú comhaid idirghníomhacha, bileoga oibre agus quizanna faoi Acmhainní na hArdteistimeireachta. Cabhróidh siad seo leat do mhatamaitic a thuiscint níos fearr. Má tá tú ag déanamh staidéir ar mhatamaitic na hArdteistiméireachta, b’fhéidir go mba chabhair duit freisin féachaint siar ar idéanna matamaitice an Teastais Shóisearaigh.

 

Más mian leat a fhoghlaim conas do áireamhán a úsáid, gheobhaidh tú seisiúin teagascóireachta agus bileoga oibre faoi Foghlaim conas áireamháin a úsáid.

Is féidir gur uirlis den scoth é GeoGebra chun cabhrú leat fadhbanna a réiteach agus coincheapa deacra matamaitice a thuiscint. Tá GeoGebra éasca le húsáid. Tig leat seisiúin teagascóireachta a leanúint trí chliceáil ar Foghlaim conas GeoGebra a úsáid.

Má tá úsáid á baint agat as Census@School mar chuid de do cheachtanna ar staitistic, is féidir go n-iarrfadh do mhúinteoir ort suirbhé ar líne a chomhlánú. Tá a uirlis anailís sonraí féin ag Census@School freisin, atá éasca le húsáid. Is féidir leat í a úsáid chun cairteanna staitistice a chruthú agus chun meáin, dialla caighdeánacha agus comhghaolúcháin a ríomh. Gheobhaidh tú eolas ar chomhlánú an tsuirbhé agus conas an uirlis anailís sonraí a usáid faoi Foghlaim conas  Census@School a úsáid.

Má tá suim agat i dtaithí a fháil ar mhatamaitic lasmuigh den ranghseomra, tá mórán ócáidí agus comórtas ann a eagraítear i rith na bliana. Tig leat tuilleadh a fháil amach fúthu seo faoi Comórtais agus Ócáidí.

  • New to projectmaths.ie