Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Do Scoláirí ›› Ceachtanna ar CensusAtSchool

Céard é Census@School?

Is tionscnamh ranga idirnáisiúnta é Census@School ina mbíonn scoláirí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain rannpháirteach i réiteach fadhbanna staitistice.
Cuireann sé ar chumas scoláirí teacht ar lear mór sonraí bríocha, go tapa agus go héasca.

Cuireadh tús leis an gclár seo sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2000 chun litearthacht staitistiúil a chur chun cinn i measc leanaí scoile trí úsáid a bhaint as a sonraí réadúla féin. Ghlac Éire páirt den chéad uair ann i Meán Fómhair 2009 agus is féidir teacht ar an suíomh gréasáin ag www.censusatschool.ie. Déanann an Lár-Oifig Staidrimh, an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Foireann Forbartha an Tionscadal Mata urraíocht ar scair na hÉireann den Census@School.

Cén fáth a bhfuil Census@School chomh háisiúil sin?

Cuireann Census@School ar fáil modh atá éasca le húsáid trínar féidir le scoláirí sonraí réadúla a bhaineann leo féin agus lena gcomhscoláirí a bhailiú. Nuair a úsáideann scoláirí sonraí a bhaineann leo féin nó lena rang chun scileanna staitistice a fhoghlaim, mealltar iad le machnamh criticiúil a dhéanamh mar gheall ar an bhfianaise. Nuair a dhéanann scoláirí sin, tagann siad ar thuiscint níos réalaíche ar gach a bhfuil i gceist le hanailís staitistiúil. Bíonn na cleachtaí réadúil, suimiúil agus taitneamhach dóibh. Má bhaintear úsáid as sonraí réadúla, cuirtear ar chumas scoláirí a dtátail a chur i gcomparáid lena dtaithí féin. Cuireann siad ceisteanna, tagann siad ar chonclúidí agus ar deireadh thiar comhchruinníonn siad a gcuid foghlama féin. Trína dtaithí ar shonraí réadúla, tuigtear do scoláirí gur ann go nádúrtha do chineálacha difriúla sonraí agus go bhfuil gá le bealaí oibre difriúla chun anailís a dhéanamh ar shonraí dá leithéid. Agus sonraí réadúla faoi chaibidil acu (seachas leaganacha steirilithe de shonraí) tagann scoláirí ar na fadhbanna a ghabhann le luachanna hasluiteacha agus na slite a ndéileáiltear leo seo. De bhreis ar uirlis a sholáthar chun sonrai scoláirí a bhailiú, soláthraíonn Census@School freisin foireann chuimsitheach uirlisí chun sonraí a roghnú go randamach ó thíortha éagsúla ar fud an domhain agus chun anailís a dhéanamh orthu.
Faigh anseo físeán de mhúinteoir ag baint úsáide as Census@School chun staitistic a theagasc agus lámhleabhair treoracha ar conas tús a chur le Census@School.

Físeán ar census@school sa seomra rang…


Census@school chun staitisticí a mhúineadh sa seomra ranga

Conas a bhailítear sonraí ó rang?

Faoi threoir ag a múinteoirí, comhlánaíonn scoláirí ceistneoir gearr ar líne, gan síniú leis. Ní ghlacann sé seo ach timpeall 20 noiméad rochtana ar am idirlín. Chun an ceistneoir ar líne a chomhlánú, ní mór do scoláirí uimhir rolla a scoile agus ainm úsáideora Scoilnet a múinteora a bheith ar eolas acu. Tig le múinteoirí clárú do chuntas Scoilnet ar líne ag https://accounts.scoilnet.ie/registration/. Seoltar sonraí ón suirbhé chuig bunachar sonraí náisiúnta atá lonnaithe in HEAnet, a ndéanann an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas bainistiú agus cothabháil air. Ach an ceistneoir a bheith comhlánaithe agus seolta ar aghaidh, beidh ar chumas an mhúinteoir ranga teacht ar na torthaí laistigh de 24 uair an chloig trí úsáid a bhaint as a gcuntas Scoilnet. Cuirtear na torthaí seo faoi bhráid an mhúinteora i bhfoirm scarbhileoige. Ansin bíonn ar chumas na scoláirí a sonraí féin a úsáid chun ceisteanna bríocha mar gheall ar a rang a fhreagairt. Mar chuid den phróiseas seo foghlaimíonn scoláirí i dtaobh an timthriall déileáil sonraí, teicnící anailíse sonraí agus infeiriú staitistiúil. Is féidir le scoláirí freisin Census@School a úsáid chun a rang a chur i gcomparáid le grúpaí scoláirí ó thíortha eile. Seo cuid de na ceisteanna a chuirtear sa cheistneoir is déanaí:

Cén contae ina gconaíonn tú?

Cén contae/tír inar rugadh do mháthair?

Cén airde atá ionat?

Lá scoile, cén t-am a n-éiríonn tú de ghnáth?

Cé mhéad teachtaireachtaí téacs a sheol tú inné?

Is féidir gach ceistneoir a fheiceáil ag http://www.censusatschool.ie/en/take-part/questionnaires

Díol mór iontais do scoláirí i gcónaí iad méid agus éagsúlacht na sonraí a ghintear ó rang amháin tríd an gceistneoir a chomhlánú.

Céard eile a chuirtear ar fáil ag suíomh gréasáin censusatschool.ie?

  • Acmhainní in-íoslódáilte saor in aisce ar a n-áirítear gníomhaíochtaí éagsúla ranga ar staitistic, dóchúlacht, uimhir agus ailgéabar, eolaíocht, tíreolaíocht, oideachas saoránach sóisialta polaitiúil, stair, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, agus daonáireamh 2011.
  • Rochtain ar chomórtais amhail Bonn John Hooper don Staitistic, agus an comórtas ‘Apps for Gaps’
  • An Modúl Mapáil Daonáirimh ag an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann.
  • Quiz Domhanda ar Staitistic ar féidir teacht air tríd an bhfocal “quiz” a chlóscríobh isteach sa bhosca cuardaigh. Is féidir an quiz a chomhlánú trí chliceáil ar an nasc “Comhlánaigh an quiz” ag http://www.censusatschool.ie/en/component/content/article/277
  • Tugann An Roghnóir Sonraí Randamacha cead isteach dúinn chuig tacair sonraí ón mbonnachar sonraí idirnáisiúnta do Census@School i gcás samplaí de 200 agus níos lú, bunaithe ar cheistneoirí a comhlánaíodh cheana sna tíortha rannpháirteacha go léir.
  • DataTool: Ní hamháin go dtugann an bogábhar seo cead isteach dúinn chuig samplaí de shonraí a bailíodh cheana trí cheistneoirí Census@School sna tíortha rannpháirteacha go léir, ach freisin soláthraíonn sé bealach tapa, éasca, ionrochtana dúinn chun achoimrí grafacha nó uimhriúla de na sonraí seo a ghiniúint. Is féidir teacht ar shamplaí de 250 nó níos lú agus tá teacht ar athshampláil freisin chun athraitheacht samplála a an

Céard faoi shaincheisteanna príomháideachta?

Ar leathanach baile Census@School, nascann an táb “Mar gheall ar” le ráiteas príomháideachta ar féidir teacht air ón nasc seo: http://www.censusatschool.ie/en/about/69-about-the-project/281-privacy

Cén úsáid a bhaintear as na sonraí ranga a ghintear as an gceistneoir?

Baintear úsáid as torthaí ranga chun coincheapa staitistiúla, tomhas staitistiúil, anailís sonraí agus grafadh a theagasc chomh maith le treochtaí sóisialta a imscrúdú. Tig le scoláirí a dtorthaí féin a chur i gcomparáid le samplaí randamacha de scoláirí ón mbonnachar sonraí. Tá torthaí ar fáil ar an mbonnachar sonraí ó na ceistneoirí uile a comhlánaíodh cheana, cé is moite den cheistneoir a bheadh idir lámha. Athchuirtear ceisteanna áirithe ó bhliain go bliain (e.g. ceisteanna tomhais) agus déantar athchúrsáil ar roinnt ceisteanna as seancheistneoirí ionas go bhféadfaí na torthaí a chur i gcomparáid.
Is féidir le scoláirí páirt a ghlacadh i réiteach fadhbanna staitistiúla trí cheisteanna spéisiúla ab fhéidir a fhreagairt ó na sonraí a chumadh, trí na sonrai cuí a bhailiú agus a roghnú, anailís a dhéanamh orthu agus conclúidí bailí sa chomhthéacs a bhaint.
Forbraíonn Census@School freisin feasacht scoláirí ar thábhacht ár ndaonáirimh náisiúnta maidir le heolas riachtanach a chur ar fáil chun oideachas, sláinte, iompar agus mórán seirbhísí eile a phleanáil. Reáchtáladh ár ndaonáireamh náisiúnta deireanach in Aibreán 2011 agus tá teacht ar shonraí ón daonáireamh seo ag
www.cso.ie

An ndearnadh aon anailís staitistiúil ar shonraí Census@School ó bhlianta cheana do scoileanna Éireannacha?

Rinne staitisteoirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh anailís ar thorthaí ceistneoirí a comhlánaíodh cheana ag scoláirí Éireannacha. Is féidir teacht ar an anailís seo ag “>http://www.censusatschool.ie/en/get-data/results

De bhreis ar shamplaí d’anailís staitistiúil a léiriú, is féidir úsáid a bhaint as an anailís seo freisin mar chabhair chun an toradh foghlama siollabais a leanas a aimsiú: “measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht léiriúchán éagsúil chun torthaí imscrúdaithe staitistiúil a reáchtáladh ag daoine eile a léiriú”. Cuireann sé seo ar chumas scoláirí a bheith rannpháirteach i léirmhíniú eolais staitistiúil a chuirtear i lathair i bhfoirm ghrafach.

Cé na tíortha atá rannpháirteach in Census@School?

Faoi láthair, is iad na tíortha atá rannpháirteach ná an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, an Aifric Theas, an Nua-Shéalainn, an tSeapáin, an Chóiré agus Éire.

 

  • New to projectmaths.ie