Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
›› Do Mhúinteoirí

Fáilte romhat chuig réimse na múinteoirí de shuíomh gréasáin an Tionscadal Mata. Gheobhaidh tú anseo acmhainní a chabhróidh leat i do mhúinteoireacht agus tacaíocht do fhorbairt ghairmiúil. Is féidir leat réimse na múinteoirí a nascleanúint trí úsáid a bhaint as an roghlchlár ar thaobh clé an leathanaigh.

Tá atheagrú déanta againn ar ár n-acmhainní go léir ionas go bhfuil siad nasctha anois leis an toipic foghlama ábhartha ón siollabas matamaitice. Má tá ceacht Teastais Shóisearaigh le múineadh agat agus go dteastaíonn uait acmhainní oiriúnacha a aimsiú, cliceáil ar Acmhainní an Teastais Shóisearaigh. Má tá ceacht Ardteistiméireachta le múineadh agat agus go dteastaíonn uait acmhainní oiriúnacha a aimsiú, cliceáil ar Acmhainní na hArdteistiméireachta.

 

Sa rannán Forbairt Ghairmiúil de réimse na múinteoirí tá ábhair ó Sheimineár 2014-2015, ón deich gceardlann Tionscadal Mata agus ón gcúig chúrsa modúlach Tionscadal Mata. Má bhí tú as láthair ó cheardlann ar bith díobh, gheobhaidh tú físeáin lánfhada de gach lá.

Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim mar gheall ar áireamháin, GeoGebra nó Census@School, gheobhaidh tú leathanaigh thiomnaithe laistigh den rannán Forbairt Ghairmiúil atá lán go barra de sheisiúin teagascóireachta ar gach ceann díobh. Gheobhaidh tú freisin leathanaigh ar na comhdhálacha Tionscadal Mata a eagraíodh le déanaí.

Más mian leat do scoláirí a spreagadh le bheith páirteach i matamaitic lasmuigh den rangsheomra, gheobhaidh tú mionsonraí ar an líon mór comórtas agus ócáidí a tharlaíonn ar fud na tíre faoi Comórtais agus Ócáidí.

Chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht go léir is déanaí ar Thionscadal Mata, is féidir Síntiús a íoc d’ár nuachtlitir.

 

  • New to projectmaths.ie