Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
›› Ceardlanna & Seimineár

Munar éirigh leat freastal ar cheann ar bith de na ceardlanna, nó má tá tú ag cuardach acmhainne ar tugadh sárthaispeántas ina leith ag ceardlann, tig leat teacht ar iomlán an ábhair atá bainteach le ceardlanna anseo.

Seimineár 2014-2015

Dhírigh Seimineár 2014-2015 aire ar réasúnaíocht ailgéabrach go mór mór. Tugadh am do mhúinteoirí chun plé a dhéanamh ar réiteach fadhbanna agus ar conas idirnaisc a dhéanamh i dteagasc na matamaitice. Le teacht ar chuntas níos mionsonraithe ar an seimineár, féach anseo.

Ceardlann 10 – Bealaí oibre difriúla a roghnú chun teagaisc agus foghama

Dhírigh Ceardlann 10 isteach ar uimhirchórais, staitisticí infeireacha agus réiteach fadhbanna. Rinneadh léirshamhlú ar bhealaí oibre difriúla chun toipicí laistigh de gach ceann de na ranna seo a theagasc. Léigh tuilleadh

Ceardlann 9 – Idirnaisc agus calcalas suimeálach

Dhírigh Ceardlann 9 isteach ar achar agus toilleadh. Lamháladh am chun imscrúdú a dhéanamh ar eangaí na solad éagsúil, chun an riail thraipéasóideach a sheoladh isteach do scoláirí agus calcalas suimeálach a úsáid chun achair a ríomh. Pléadh freisin an tábhacht a bhaineann le hidirnaisc a dhéanamh sa rangsheomra matamaitice. Léigh tuilleadh

Ceardlann 8 – Feidhmeanna, calcalas agus réiteach fadhbanna

Dhírigh Ceardlann 8 isteach ar fheidhmeanna agus calcalas. Rinneadh plé ar choincheapa na dteorainneacha agus an leanúnachais agus ina dhiaidh sin cuireadh i láthair léirshamhail de cheacht chun buneolas ar chalcalas a thabhairt do scoláirí. Rinneadh plé ar conas réiteach fadhbanna a úsáid chun toipicí nua a sheoladh isteach. Léigh tuilleadh

Ceardlann 7 – Feidhmeanna

Dhírigh Ceardlann 7 isteach ar ús iolraithe, feidhmeanna easpónantúla agus feidhmeanna logartamacha a mhúineadh ar mhodh idirnasctha. Tugadh freisin faoi fheidhmeanna cearnacha a aistriú agus a scálú. Léigh tuilleadh

Ceardlann 6 – Imscrúdú ar idirnaisc agus réasúnú faoi dhéin cruthúnais

Dhírigh Ceardlann 6 isteach ar choincheap an chruthúnais i gCéimseata agus in Uimhir. Lamháladh am freisin chun idirnaisc sa siollabas a phlé. Léigh tuilleadh

Ceardlann 5 – Staitistic agus ailgéabar

Dhírigh Ceardlann 5 isteach ar staitistic agus ailgéabar. Lamháladh am freisin chun plé a dhéanamh ar conas an siollabas a sheicheamhú. Léigh tuilleadh

Ceardlann 4 – Patrúin

Dhírigh Ceardlann 4 isteach ar theagasc an ailgéabair ag baint úsáide as patrúin, agus ar idirnaisc a dhéanamh i dteagasc na matamaitice. Léigh tuilleadh

Ceardlann 3 – Uimhir agus réiteach fadhbanna

I gCeardlann 3 déileáiltear le teagasc uimhreach agus pléitear conas scoláirí a mhealladh chun rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí réiteach fadhbanna. Léigh tuilleadh

Ceardlann 2 – Céimseata & Triantánacht

Déileáiltear i gCeardlann 2 le buneolas ar Chéimseata agus plé ar an mbunchúrsa coiteann. Léigh tuilleadh

Ceardlann 1 – Dóchúlacht & Staitistic

Sa cheardlann seo déileáiltear leis an mbonnmhíniú ar an Tionscadal Mata a thabhairt isteach, buneolas ar dhóchúlacht, agus dóchúlacht agus minicíocht choibhneasta. Léigh tuilleadh

  • New to projectmaths.ie