Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Workshop & Event Resources ›› Cúrsa Modúlach 1 - Dóchúlacht agus Staitisticí

Clúdaíodh i gCúrsa Modúlach 1 ábhar a bhí bainteach le Snáithe 1 – dóchúlacht agus staitisticí. Roinneadh an cúrsa ina 5 mhodúl. Tig leat forbhreathnú gearr ar gach modúl,  agus na hábhair a úsáideadh do gach modúl díobh, a fháil anseo.

Modúl 1

Sa chéad mhodúl den chúrsa ar dhóchúlacht agus staitisticí pléitear sonraí. Ar dtús tugtar forbhreathnú ar an timthriall ionramháil sonraí agus ansin téitear ar aghaidh chuig plé ar na slite difriúla inar féidir sonraí a bhailiú. Cíortar an fhéidearthacht go bhfuil laofacht iontu. Déileáiltear freisin leis na cineálacha difriúla sonraí a tharlaíonn i staitisticí agus pléitear na slite is oiriúnaí lena gcur in iúl i bhfoirm cairteacha.

Cur i láthair PowerPoint an láithreora pdf-icon

Nótaí na rannpháirtithe pdf-icon

Gníomhaíochtaí múinteoirí pdf-icon agus réitigh pdf-icon

Ábhair bhreise zip-icon

Cineálacha difriúla sonraí a thuiscint Video-Icon

Sampláil agus laofacht Video-Icon

Cuótaí a thuiscint Video-Icon

Modúl 2

Sa dara modúl den chúrsa ar dhóchúlacht agus staitisticí pléitear láimshseáil sonraí uimhriúla. I gcás sonraí aonathráideacha, pléitear na slite inar féidir lárluach agus leathadh sonraí dá leithéid a thomhas, maille leis na buanna a ghabhann le gach tomhas díobh. I gcás sonraí déathráideacha, cíortar coincheap na comhghaolmhaireachta agus conas is féidir go ndruidfeadh comhghaolmhaireacht i dtreo na cúisíochta.

Cur i láthair PowerPoint an láithreora pdf-icon

Nótaí na rannpháirtithe pdf-icon

Gníomhaíochtaí scoláirí pdf-icon agus réitigh pdf-icon

Ábhair bhreise zip-icon

Comhghaolmhaireacht agus cúisíocht Video-Icon

Modúl 3

Sa tríú modúl den chúrsa ar dhóchúlacht agus staitisticí déileáiltear le buneolas ar dhóchúlacht.  Seoltar isteach coincheapa bunúsacha na dóchúlachta ar a n-áirítear an scála dóchúlachta agus prionsabal bunúsach an chomhairimh. Léirítear uirlisí éagsúla chun dóchúlachtaí a ríomh, ina measc crannléaráidí, léaráidí Venn agus táblaí. Cíortar freisin an tábhacht a bhaineann le teaglamaí agus iomalartuithe i ríomh dóchúlachtaí.

Cur i láthair PowerPoint an láithreora pdf-icon

Nótaí na rannpháirtithe pdf-icon

Gníomhaíochtaí múinteoirí pdf-icon agus réitigh pdf-icon

Modúl 4

Sa cheathrú modúl den chúrsa ar dhóchúlacht agus staitisticí déileáiltear le coicheapa níos foirfe na dóchúlachta a bhaineann le hiltarluithe. Pléitear coincheapa tarluithe atá comheiseach agus tarluithe atá neamhspleách. Cuirtear i láthair na rialacha bunúsacha dóchúlachta do tharluithe neamhspleácha agus spleácha agus coincheapa na dóchúlachta coinníollaí. Léiritear úsáid léaráidí Venn agus crainn dhóchúlachta i réiteach fadhbanna iltarlaithe.

Cur i láthair PowerPoint an láithreora pdf-icon

Nótaí na rannpháirtithe pdf-icon

Gníomhaíochtaí múinteoirí pdf-icon agus réitigh pdf-icon

Modúl 5

Sa mhodúl deiridh den chúrsa ar dhóchúlacht agus staitisticí déileáiltear le dáiltí déthéarmacha agus normalacha. Pléitear úsáid teaglamaí i réiteach fadhbanna a d’fhéadfaí a léirshamhlú mar thrialacha Bernouilli. Déantar mionchíoradh ar an dáileadh normalach a fheidhmiú chun ráitis a dhéanamh mar gheall ar phobal, agus úsáid táblaí normalacha caighdeánacha agus z-scóir san áireamh ann.

Cur i láthair PowerPoint an láithreora pdf-icon

Nótaí na rannpháirtithe pdf-icon

Gníomhaíochtaí múinteoirí pdf-icon agus réitigh pdf-icon

Ábhair bhreise zip-icon

  • New to projectmaths.ie