Working together to improve teaching, learning and assessment Leagan Gaeilge
Do Mhúinteoirí ›› Seimineár 2014-2015

Réamhrá

Dhírigh Seimineár 2014-2015 aire ar réasúnaíocht ailgéabrach go mór mór. Tugadh am do mhúinteoirí chun plé a dhéanamh ar réiteach fadhbanna agus ar conas idirnaisc a dhéanamh i dteagasc na matamaitice. Le teacht ar chuntas níos mionsonraithe ar an seimineár, féach an físeán thíos.

Seminar 2014-2015
 

Part 1

Seminar 2014-2015
 

Part 2

Seminar 2014-2015
 

Part 3

 

Acmhainní a úsáideadh nó a ndearnadh tagairt dóibh sa seimineár

Tá cuid de na hacmhainní a úsáideadh nó a ndearnadh tagairt dóibh ar fáil anseo. Cuirfear an chuid eile de na hacmhainní ar líne tar éis an tseimineáir.

Leabhrán acmhainní múinteoirí

Ciorcal a tharraingt go saorlámhach

Buneolas ar an triail inniúlachta ar réasúnaíocht ailgéabrach do scoláirí

Triail inniúlachta ar réasúnaíocht ailgéabrach do scoláirí

Réitigh don triail inniúlachta ar réasúnaíocht ailgéabrach.

Sa bhliain 2007, rinne Fondúireacht Nuffield foireann as Ollscoil Oxford a choimisiúnú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an saothar taighde atá ar fáil ar conas a fhoglaimíonn leanaí an mhatamaitic. Tá cur síos sa pháipear seo ar Réasúnaíocht Ailgéabrach.

Is rialtóir geata í an réasúnaíocht ailgéabrach do scoláirí agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa mhatamaitic agus san eolaíocht (Greenes et al., 2001). Má dhéantar an bhunobair go luath, tugtar breis deiseanna níos déanaí do na scoláirí uile i ndéanamh a roghanna matamaiticiúla agus gairme, agus is féidir go mbeadh tacaíocht ann dóibh agus iad ag dul ar aghaidh chuig ailgéabar foirmiúil ag an dara leibhéal, rud atá deacair le déanamh d’fhormhór na scoláirí mar atá léirithe ag an taighde (e.g. Kieran, 1992). Pléitear sa pháipéar seo na fadhbanna atá ann do scoláirí nuair a bhítear ag iarraidh a réasúnaíocht ailgéabrach a fhorbairt.

Doiciméad ón bpobal matamaitice ar líne ar chóngair dhíobhálacha a ghlactar i dteagasc na matamaitice.

Teimpléad ar réiteach fadhbanna.

Tarsianna (míreanna mearaí) ar an teanga a bhaineann leis an gciorcal. Teastóidh bogábhar Formulator Tarsia uait chun breathnú ar na comhaid seo. Tig leat an bogábhar a íoslódái sao r in aisce anseo.

Cliceáil anseo le do thoil, chun an measúnú ar Sheimineár 2014-2015 a chomhlánú. to complete the evaluation for Seminar 2014-2015.

  • New to projectmaths.ie