Foghlaim agus Teagasc san aonú haois agus fiche          Cuardach: submit         English Version

Cúrsa Modúlach
Snáithe 1: Timthriall Sinsearach


Snáithe 1 An Ciogal Sinsearach


Tá ceardlanna Snáithe 1 á gcur ar fáil arís ag Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata, i gcomhar leis an Lárionad Náisiúnta Feabhais i múineadh agus foghlaim Mata agus Eolaíochta (National Centre of Excellence in Maths and Science Teaching and Learning) in Ollscoil Luimnigh Dóchúlacht & Staitistic Díreoidh na ceardlanna ar ghnéithe nua den chúrsa. Clúdóidh siad topaicí as an Teastas Sóisearach (na leibhéil uile) agus Dóchulacht & Staitisticí don Ardteistiméireacht Gnáthleibhéil, agus ina dhiaidh sin, topaicí Ardteistiméireachta Ardleibhéil ar nós Dóchúlacht Choinníollach, Dáileadh Déthearmach agus Dáileadh Normalach.  Tá súil againn go dtiocfaidh sibh go dtí na cúrsaí, a chuirfear ar fáil trí líonra na nIonad Oideachais.

Cliceáil anseo d’eolas breise faoi ábhar na gcúrsaí.

Cliceáil anseo le haghaidh liosta na nIonad Oideachais a thairgeann an cúrsa seo, mar aon le dátaí tosaithe.

 


Snáithe 1 & 2 An Ciogal Sinsearach

Tá Foireann Fhorbartha an Tionscadail Mhata an-sásta a bheith in ann a fhógairt go rithfear an cúrsa ceardlann tráthnóna arís in úsáid TFC/ICT chun Snáithe 1 agus Snáithe 2 a theagasc. D’oibrigh Foireann Fhorbartha an Tionscadal Mhata (FFTM/PMDT) i gcomhar leis an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (LNTO/NCTE) leis an gcúrsa seo a chur ar fáil, cúrsa ina léireofar an chaoi le bogearraí ar furasta teacht orthu a úsáid sa seomra ranga le céimseata, triantánacht agus staitistic a theagasc don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht.

 Cliceáil anseo 
le haghaidh sonraí breise faoi ábhar an chúrsa.

Cliceáil anseo le haghaidh liosta na nIonad Oideachais a thairgeann an cúrsa seo, mar aon le dátaí tosaithe.