Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
›› Cúrsaí Modúlacha

Munar éirigh leat freastal ar cheann ar bith de na cúrsaí modúlacha nó má tá aon cheann de na hacmhainní a cuireadh i láthair ag cúrsa modúlach á lorg agat, gheobhaidh tú gach ábhar atá ábhartha anseo. Is minic a chuirtear cúrsaí modúlacha i láthair athuair agus má tá suim agat i bhfreastal ar cheann, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do lárionad oideachais áitiúil chun folúntas ar chúrsa a aimsiú. Tá mionsonraí teagmhála na lárionad oideachais go léir le fáil anseo.

Cúrsa Modúlach 1 – dóchúlacht agus staitistic

I gCúrsa Modúlach 1 clúdaíodh ábhar atá bainteach le Snáithe 1 – dóchúlacht agus staitistic. Roinneadh an t-ábhar i 5 mhodúl agus ar na toipicí a clúdaíodh bhí buneolas ar staitistic, an timthriall ionramháil sonraí, anailís ghrafach agus uimhriúil sonraí, comhghaolmhaireacht, buneolas ar dhóchúlacht, crannléaraidí, eachtraí neamhspleácha agus spleácha, trialacha Bernoulli agus an dáileadh normalach.  Léigh tuilleadh

Cúrsa Modúlach 2 – céimseata agus triantánacht

I gCúrsa Modúlach 2 clúdaíodh ábhar atá bainteach le Snáithe 2 – céimseata agus triantánacht. Roinneadh an cúrsa i 4 mhodúl agus ar na toipicí a clúdaíodh bhí teoirimí, tógálacha, cruthúnas, feidhmithe na céimseatan i réiteach fadhbanna, buneolas ar thriantánacht agus trasfhoirmithe. Léigh tuilleadh

Cúrsa Modúlach 3 – uimhir agus ailgéabar

I gCúrsa Modúlach 3 clúdaíodh ábhar atá bainteach le Snáithe 3 – Uimhir agus le Snáithe 4 – Ailgéabar. Roinneadh an t-ábhar i 4 mhodúl agus ar na toipici a clúdaíodh bhí patrúin líneacha, seichimh uimhríochta, patrúin chearnacha, patrúin chiúbacha, patrúin easpónantúla, seichimh iolraíocha agus feidhmithe patrún i léirshamhlú gnáthchúinsí an tsaoil, ina measc airgeadas. Léigh tuilleadh

Cúrsa Modúlach 4 – réiteach fadhbanna agus matamaitic airgeadais

I gCúrsa Modúlach 4 díríodh isteach ar réiteach fadhbanna agus matamaitic airgeadais. Roinneadh an cúrsa i 4 mhodúl agus ar na toipicí a clúdaíodh bhí teicnící réiteach fadhbanna, airíonna uimhreacha agus cruthúnas, agus seichimh agus sraitheanna iolraíocha a chur i bhfeidhm ar infheistithe, iasachtaí agus amúchadh. Léigh tuilleadh

Cúrsa Modulach 5 – feidhmeanna agus staitisticí infeireacha

I gCúrsa Modúlach 5 díríodh isteach ar fheidhmeanna agus staitisticí infeireacha. Roinneadh an cúrsa i 4 mhodúl agus ar na toipicí a clúdaíodh bhí feidhmeanna inteilgeacha, barrtheilgeacha agus détheilgeacha, trasfhoirmithe feidhmeanna, tástáil hipitéisí, z-scóir agus p-luachanna. Léigh tuilleadh

  • New to projectmaths.ie