Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Do Mhúinteoirí ›› Comórtais agus Ócáidí

Tá comórtais agus ócáidí go hiontach chun scoláirí a mhealladh chun páirt a ghlacadh i machnamh ar an matamaitic lasmuigh den seomra ranga. Eagraítear mórán comórtas agus ócáidi matamaitice do scoláirí ar fud na hÉireann. B’fhéidir gur mhaith leat do scoláirí a spreagadh le bheith páirteach i gcuid díobh seo thíos.

Bonn John Hooper don Staitistic

Faoi choimirce an Phríomh-Oifig Staidrimh, bronntar bonn John Hooper don phóstaer is fearr deartha ag scoláirí chun achoimre a thabhairt ar a dtátail as tionscnamh taighde staitistice atá comhlánaithe acu. An chéad duais ná €1,600, an dara duais ná €1,000 agus an tríú duais ná €600. Beidh an póstaer a bhuann mar ionadaí na hÉireann i gcomórtas póstaer Thionscnamh Idirnáisiúnta an Litearthacht Staitistice.Faigh breis eolais

An Dúshlán MATaclaíochta

Is ilchomórtas ceannródaíochta é an Dúshlán MATaclaíochta do Éirinn, bunaithe ar chur chuige Acadamh Khan i leith foghlaim agus teagasc na matamaitice. Téann scoláirí in iomaíocht ar líne trí shuíomh idirlín Acadamh Khan, agus ar aghaidh a chéile i gcoinne a gcomhimreoirí. Bíonn os cionn €20,000 ar fáil mar dhuaiseanna agus an teideal ‘an Curaí uile-Éireann sa Dushlán MATaclaíochta’.
Faigh breis eolais

Seachtain Mhatamaitice na hÉireann: Dúshlán Cluichí Mangahigh

I gcomhpháirt le Seachtain Mhatamaitice na hÉireann 2014, beidh Mangahigh arís mar aíonna ar chomórtas matamaitice ar líne. Tá níos mó duaiseanna ná riamh ar fáil i mbliana, le duaiseanna níos fearr don chéad áit agus don dara háit araon. Faigh breis eolais

Comórtas Sóisearach Matamaitice Chumann Mhúinteoirí Matamaitice na hÉireann (CMMÉ)

Tá CMMÉ tar éis comórtas sóisearach matamaitice bliantúil a eagrú le 20 bliain anuas. Tarlaíonn céadbhabhta an chomórtais ar scoil mar a dtugtar 40 nóiméad do scoláirí chun cruafhadhbanna éagsúla a réiteach. Déanann CMMÉ measúnú ar na torthaí agus tugtar cuireadh do na buaiteoirí chuig craobhchomórtais reigiúnacha. Faigh breis eolais

Oilimpiad Matamaitice na hÉireann

Is comórtas náisiúnta matamaitice do scoláirí dara leibhéal é Oilimpiad Matamaitice na hÉireann (OMÉ). Tugtar traenáil don chomórtas seo ag roinnt ionaid saibhrithe matamaitice ar fud na hÉireann. Baintear úsáid as inmheacht na scoláirí in OMÉ chun foireann de sheisear scoláirí ar a mhéad a roghnú le bheidh mar ionadaithe na hÉireann ag an Oilimpiad Matamaitice Idirnáisiúnta, comórtas ardghradaim idirnáisiúnta matamaitice.Faigh breis eolais

  • New to projectmaths.ie