Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Workshop & Event Resources ›› Cúrsa Modúlach 2 - Céimseata agus Triantánacht

Cludaíodh i gCúrsa Modúlach 2 ábhar a bhain le Snáithe 2 – céimseata agus triantánacht. Roinneadh an cúrsa ina 4 Mhodúl. Soláthraítear anseo forbhreathnú gearr ar ábhar gach modúil,  chomh maith leis na hacmhainní a úsáideadh i ngach modúl díobh.

 

Modúl 1

Sa chéad mhodúl den chúrsa ar chéimseata agus triantánacht pléitear teoirimí agus tógáil.  Déantar cíoradh ar chur chuige fionnachtanach chun teoirimí a chur i láthair scoláirí, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le feidhmiú teoirimí chun fadhbanna a réiteach. Téitear i ngleic le coincheap an chruthúnais  freisin, sula dtugtar forbhreathnú ar na teoirimí, na hatorthaí agus na tógálacha ar mian linn go gcuirfeadh scoláirí ag leibhéil dhifriúla eolas orthu.

Leabhar oibre Mhodúl 1 pdf-icon

Modúl 2

Sa dara modúl den chúrsa ar chéimseata agus triantánacht pléitear na téarmaí a bhaineann le réasúnaíocht dhéaduchtach agus loighic. Tugtar aghaidh ar choincheap an chruthúnais trí bhréagnú agus ar thógálacha a fheidhmiú i réiteach fadhbanna.

Leabhar oibre Mhodúl 2 pdf-icon

Modúl 3

Sa tríú modúl den chúrsa ar chéimseata agus triantánacht seoltar isteach an triantánacht i dtéarmaí a húsáideachta i réiteach fadhbanna an ghnáthshaoil. Cíortar an tábhacht a bhaineann le triantáin chomhchosúla agus tugtar buneolas ar fheidhmeanna triantánúla bunaithe ar an gciorcal aonaid.

Leabhar oibre Mhodúl 3 pdf-icon

Modúl 4

Sa mhodúl deireanach den chúrsa ar chéimseata agus triantánacht déileáiltear le céimseata chomhordanáideach, ar a n-áirítear pointí agus línte. Cíortar trasfhoirmithe agus siméadrachtaí, ina measc aistriúcháin, frithchaitheamh trí phointe agus méaduithe.

Leabhar oibre Mhodúl 4 pdf-icon

Seo agat comhad a chuimsíonn acmhainní éagsúla a úsáideadh le linn cheithre mhodúl an chúrsa.  zip-icon

  • New to projectmaths.ie