Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Workshop & Event Resources ›› Cúrsa Modúlach 5 - Feidhmeanna agus Staitisticí Infeireacha

Dhírigh Cúrsa Modúlach 5 isteach ar fheidhmeanna agus staitisticí infeireacha. Roinneadh an cúrsa ina 4 mhodúl. Tugtar anseo forbhreathnú gearr ar ábhar na modúl, maille leis na hacmhainní a úsáideadh i ngach modúl.

Modúil 1 agus 2

Dhírigh an chéad dá mhodúl den chúrsa isteach ar ábhar as Snáithe 1 an tsiollabais – staitisticí. Cuimsíodh anseo ábhar a cuireadh ar athló nuair a bhí an siollabas nua tionscadal mata á sheoladh isteach – staitisticí infeireacha. Ar na toipicí ar caitheadh súil orthu, áiríodh inathraitheacht samplála, na gaolmhaireachtaí idir pobal agus sampla agus tástáil hipitéise.

Ceardlann gníomhaíochta pdf-icon

Cur i láthair ar staitisticí infeireacha PowerPoint-icon

Modúil 3 agus 4

Dhírigh an dá mhodúl eile den chúrsa isteach ar ábhar atá bainteach le Snáithe 5 an tsiollabais – feidhmeanna. Leagadh béim ar theacht i dtuisint ar cad a iompaíonn gaolmhaireacht ina feidhm agus na cineálacha feidhme atá ann (barrtheilgeach, inteilgeach agus détheilgeach).

Leabhar oibre gníomhaíochtaí pdf-icon

Cur i láthair ar fheidhmeanna PowerPoint-icon

Nótaí rannpháirtithe pdf-icon

Gníomhaíocht ar thrasfhoirmiú feidhmeanna pdf-icon

Réitigh ar ghníomhaíochtaí feidhmeanna pdf-icon

  • New to projectmaths.ie