Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Acmhainní don Ardteistiméireacht ›› Fadhbréiteach

Is scil thábhachtach é réiteach fadhbanna agus ba chóir scoláirí a spreagadh chun é a fhorbairt thar thréimhse ama. Ach an phleanáil ina leith a bheith cúramach, b’fhéidir imeacht ó thimpeallacht rangsheomra ina gcaitear ranganna individiúla ar réiteach fadhbanna chuig ranganna ina ndéantar formhór an teagaisc trí mheán réiteach fadhbanna. Sa tslí seo, tugtar taithí ar réiteach fadhbanna do scoláirí ar bhonn laethúil agus cothaítear an nós iontu machnamh a dhéanamh ar a gcuid Matamaitice agus an t-eolas atá acu cheana a chur i bhfeidhm chun tabhairt faoi fhadhb éigin nua. Cabhraíonn sé seo leo freisin na naisc atá idir thoipicí difriúla Matamaitice a fheiceáil. Sna doiciméid thíos dírítear aire ar conas toipicí matamaiticiúla a theagasc i gcomhthéacsanna réiteach fadhbanna agus i suímh ina leagtar béim ar fhiosrúchán. Is saintréith díobh seo é ‘go gcabhraíonn’ an múinteoir le scoláirí teacht ar thuiscint dhoimhin ar idéanna agus próisis mhatamaiticiúla, trína spreagadh le bheith rannpháirteach i ndéanamh na Matamaitice: cruthú, tuairimiú, imscrúdú, tástáil agus fíorú.

 

  • New to projectmaths.ie