Dhírigh Cúrsa Modúlach 4 aire ar réiteach fadhbanna agus matamaitic airgeadais. Roinneadh an cúrsa ina 4 Mhodúl. Soláthraítear anseo forbhreathnú gearr ar ábhar gach modúil, chomh maith leis na hacmhainní a úsáideadh i ngach modúl díobh.
Déileáladh sa chéad mhodúl le réiteach fadhbanna bunaithe ar uimhir agus áiríodh ann imscrúdú ar airíonna éagsúla corruimhreacha, ré-uimhreacha agus uimhreacha leantacha. Pléadh gnáthaimh ghinearálta i dtaca le réiteach fadhbanna agus an tairbhe a bhaineann le húsáid a bhaint as cur chuige réiteach fadhbanna i leith na foghlama.
Leabhrán ar réiteach fadhbanna ![]()
Sa dara modúl leanadh ar aghaidh le hobair an chéad mhodúl ar réiteach fadhbanna. Pléadh athuair fadhbanna bunaithe ar airíonna na gcineálacha éagsúla uimhreach, chomh maith le fadhbanna bunaithe ar chéimseata agus ar réasúnaíocht spásúil. Tugadh léiriú freisin ar cé chomh húsáideach is atá ailgéabar le dul I ngleic le fadhbanna atá bunaithe ar phatrúin.
Leabhrán ar réiteach fadhbanna ![]()
Sa tríú modúl den chúrsa déileáladh le hábhar a bhain le seichimh agus sraitheanna iolraíocha a chur i bhfeidhm. Tugtar ‘matamaitic airgeadais’ ar seo go hiondúil. I dtús an mhodúil rinneadh athhreithniú ar phatrúin agus ansin baineadh úsáid as patrún easpónantúil mar réamhobair d’fhadhbanna bunaithe ar ús iolraithe, agus an ráta coibhéiseach bliantúil (RCB) a ríomh san áireamh ann.
Leabhrán ar mhatamaitic airgeadais ![]()
Sa mhodúl deireanach den chúrsa díríodh aire ar na coincheapa ‘luach láithreach’ agus ‘luach cumaisc (sa todhchaí)’. Trí gach ceann díobh seo a thuiscint, pléadh fadhbanna bunaithe ar bhlianachtaí agus amúchadh. Agus tuiscint ar an dá choincheap seo mar bhonnchloch, caitheadh súil freisin ar an gcoincheap ‘an ráta céatadánach bliantúil (RCB)’.