Dhírigh Cúrsa Modúlach 5 isteach ar fheidhmeanna agus staitisticí infeireacha. Roinneadh an cúrsa ina 4 mhodúl. Tugtar anseo forbhreathnú gearr ar ábhar na modúl, maille leis na hacmhainní a úsáideadh i ngach modúl.
Dhírigh an chéad dá mhodúl den chúrsa isteach ar ábhar as Snáithe 1 an tsiollabais – staitisticí. Cuimsíodh anseo ábhar a cuireadh ar athló nuair a bhí an siollabas nua tionscadal mata á sheoladh isteach – staitisticí infeireacha. Ar na toipicí ar caitheadh súil orthu, áiríodh inathraitheacht samplála, na gaolmhaireachtaí idir pobal agus sampla agus tástáil hipitéise.
Cur i láthair ar staitisticí infeireacha ![]()
Dhírigh an dá mhodúl eile den chúrsa isteach ar ábhar atá bainteach le Snáithe 5 an tsiollabais – feidhmeanna. Leagadh béim ar theacht i dtuisint ar cad a iompaíonn gaolmhaireacht ina feidhm agus na cineálacha feidhme atá ann (barrtheilgeach, inteilgeach agus détheilgeach).