I gCeardlann 7 díríodh aire ar fheidhmeanna. Cuireadh am ar fáil chun naisc a dhéanamh idir ús iolraithe, seichimh iolraíocha, feidhmeanna easpónantúla agus feidhmeanna logartamacha. Mar chuid den phróiseas seo, léiríodh ceacht eiseamláireach ar conas e a chur i láthair scoláirí. Caitheadh roinnt ama freisin ag plé slite ina bhféadfaí an siollabas a sheicheamhú. Munar éirigh leat freastal ar Cheardlann 7, nó más mian leat dul siar ar chuid de na gníomhaíochtaí a rinneadh ar an lá, gheobhaidh tú thíos físeáin den cheardlann iomlán agus na hacmhainní uile a úsáideadh nó ar tagraíodh dóibh le linn na ceardlainne.
Uimhreacha a imscrúdú i gcomhthéacs ![]()
Plean teagaisc agus foghlama ar sheichimh agus sraitheanna iolraíocha a fheidhmiú
Fás líneach agus fás iolraithe
Feidhmeanna easpónantúla a sheoladh isteach
Triail inmheachta scoláirí ar shéana
Treoracha ar conas an triail inmheachta ar shéana a úsáid
Iolrú scoite ionann is iolrú leanúnach
Plean teagaisc agus foghlama ar e a sheoladh isteach
Buneolas ar fheidhmeanna logartamacha
Logartaim sa domhan inár dtimpeall
Logartaim a úsáid chun uimhreacha níos mó ná 1 a leathnú amach agus a chrapadh isteach
Logartaim a úsáid chun uimhreacha níos lú ná 1 a leathnú amach agus a chrapadh isteach
An gaol idir feidhmeanna easpónantúla agus feidhmeanna logartamacha a thuiscint
Feidhmeanna a aistriú agus a scálú
Gníomhaíocht ar ghrafanna feidhmeanna a mheaitseáil
Póstaeir mar achoimre ar fheidhmeanna cearnacha a aistriú agus a scalú
Mata boird don mheasúnú chun foghlama