Ag comhoibriú chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú English Version
Comhdhálacha ›› Maths Counts 2015

Maths Counts 2015

“Cheap mé go raibh an lá inniu ar fheabhas.Ghnóthaigh mé mórán idéanna simplí chun aire na scoláirí a choinneáil agus chun foghlaim scoláirí a chinntiú” – Aiseolas múinteoirí ó Maths Counts 2015

Bhí ionad feiceálach ag an matamaitic i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath le linn an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d’óstaigh Foireann Forbartha an Tionscadl Mata a dara comhdháil, Áirítear Mata 2015.

Bhí ionad lárnach sa chomhdháil ag na láithreoireachtaí ar theagasc agus foghlaim na matamaitice i scoileanna iar-bhunoideachais a thug na múinteoirí atá páirteach sa tionscnamh Machnaimh ar Chleachtas. Pléadh ag an gcomhdháil freisin forbairtí suntasacha eile atá croilárnach sa chleachtas gairmiúil ag an leibhéal iar-bhunoideachais i.e. an gaol idir Measúnú Suimitheach agus Measúnú Foirmitheach, Eochairscileanna agus an straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta.

Ar mbuíochas lenár láithreoir spreagaithisc – An tOllamh Geoffrey Wake – a thug forbhreathnú cuimsitheach ar a thaithí ar scoláirí a theagasc le bheith ina réiteoirí éifeachtacha fadhbanna. Bhí dáimh láidir ag múinteoirí le léirstintí Geoffrey, go mór mór iad siúd a bhí páirteach i Machnaimh ar Chleachtas.

Ar mbuíochas freisin lenár n-aoichainteoirí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe agus an Chigireacht Mhatamaitice a thug léirstintí luachmhara do mhúinteoirí ar mheasúnú, forbairt churaclaim agus féinmheasúnú

Ár mbuíochas lenár dtaispeántóirí uile agus go mór mór lenár bpríomhurraitheoir, Microsoft, a chuir am ar fáil chun labhairt le múinteoirí mar gheall ar na hacmhainní teagaisc ardluachmhara atá ar fáil.

Agus ar deireadh, ár mbuíochas leis na múinteoirí a bhí rannpháirteach sa tionscnamh Machnaimh ar Chleachtas , as ucht a dtiomantais, a gcuid ama agus a n-ionchur proifisiúnta le linn na míonna deireanacha seo. Cuireadh fuinneamh nua faoi shiúl ag a láithreoireachtaí físiúla ag Maths Counts 2015.

Tá teacht thíos ar an ábhar a cuireadh i láthair ag an gcomhdháil.

 

 

 

 

 

Láithreoireachtaí ag aoichainteoirí

Pleananna ceachta a forbraíodh ag múinteoirí

  • New to projectmaths.ie